Seachtain Folláine

February 20, 2023 | Nuacht

Bhain na páistí, an fhoireann agus comhphobal na scoile an-sult as an tSeachtain Folláine.

Bhí maidin chaifé ann Dé Luain, eagraithe ag M.Cristíona, le cainteanna ó Sharon Fennelly agus Alison Caldwell. Cúrsaí aireachais (mindfulness)a bhí á phlé acu agus cuideoidh na naisc thíos go mór.

Ghlac na paistí páirt in imeachtaí follane sa rang freisin, ar nós físeanna treoraithe, agus ealaín bunaithe ar an bhfolláine chomh maith.

Bhí bricfeasta speisialta ag an bhfoireann Dé Máirt, a chur dea-ghiúmair ar achan duine. Lá ‘le Vailitín a bhí ann agus scaip Rang 3 croíthe ar achan duine sa scoil le teachtaireachtaí deasa orthu. Bhí frásaí folláine in airde ag Rang 6, don scoil uilig.

Ar an gCéadaoin, bhain na páistí sult as an scannán ‘Inside Out’. Bhí píotsa ag na páistí móra agus rudaí deasa eile ag na daoine beaga.

Ár mbuíochas le hachan duine a chuidigh leis na himeachtaí uilig!