Lá na Seantuistí 2023

January 27, 2023 | Nuacht

Bhí ócáid speisialta againn fá choinne ‘Lá na Seantuistí’ a tharla ar an 25/1/23, le linn Seachtain na Scoileanna Caitliceacha. D’fhreastal na seantuistí (agus cúpla tuiste fosta) agus na páistí as Rang 3 ar Aifreann agus ansin, tháinig siad ar ais go halla na scoile do chupán tae agus craic! Bhain achan duine an-sult as an mhaidin, agus ár mbuíochas le M.Cristíona a d’eagraigh an ócáid.