Peace Proms

Bhain páistí as Rang 5 & Rang 6 an -sult as Peace Proms san SSE Arena i mBéal Feirste ar an Domhnach, an 26/2/2023. Bhí lá iontach acu ó thuas go deireadh, ag canadh, ag damhsa agus ag éisteacht le scoth an cheoil ó cheolfhoireann Peace Proms, ón amhránaí Lauren Murphy, ó Chonall Ó Dubhthaigh ar na píobaí, iar-scoláire Ghaelscoil Dhún Dealgan. Bhí damhsóirí iontacha ann fosta -damhsóirí Gaelacha agus Albanacha, chomh maith le drumadóirí agus píobairí. Thaisteal baill chlainne ó Dhún Dealgan chun tacú leo, agus bhí scoileanna ó chúige Uladh agus ó Chontae Lú ann chomh maith, 4000 páiste ar fad! Bhí lá ar dóigh ag M.Áine, M.Éadaoin agus M.Caoimhe chomh maith, agus ár mbuíochas le M.Edel a rinne a lán oibre leis na páistí, ag ullmhú don ócáid!