An Scoil

Stair na Scoile

D’fhás an scoil seo as grúpa de sheisear páiste a tugadh le chéile in áras Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1979 agus níorbh fhada go raibh sí ina sraith Ghaeilge i mBunscoil Naomh Seosamh, buíochas do Ghearóid Ó Murchú, Príomhoide na scoile sin. Sa bhliain 1986 tugadh stádas mar scoil neamhspleách don tsraith, agus lonnaíodh í i seomraí réamhdhéanta ar láthair Scoil Sheosaimh.

Scoil Chríost Rí a tugadh ar an scoil ag an am, le Rónán Mac a Bhaird mar phríomhoide, ach le borradh uimhreacha, bhí sé soiléir nach mbeadh na seomraí réamhdhéanta ar láthair Scoil Sheosamh oiriúnach go fad-téarmach. Sa bhliain 1989, ghlac an tAire Oideachais, Máire Uí Ruairc leis gur chóir go mbeadh suíomh agus foirgneamh neamhspleách ag an scoil agus sa bhliain 1996, le Annette Mhic Ardaíl mar phríomhoide, bhog an scoil go láthair nua in aice leis an tséipéil i Muirtheimhne Mór. Le foirgneamh nua, tháinig ainm nua – Gaelscoil Dhún Dealgan. Tá anois tuairim is 200 páiste ag freastal ar an scoil agus táimíd 14 mhúinteoir inti, triúr mhúinteoir achmhainne san áireamh. Tá an t-ádh orainn go bhfuil oide caidreamh-baile againn trí lá sa tseachtain chomh maith.Tá áiseanna den scoth againn san bhfoirgneamh nua-aimseartha, ar nós leabharlann, halla agus cúirteanna cispheile.

Ráiteas Mhisean

Is scoil í seo a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaelige, i dtimpeallacht sona sábháilte, chun cur le fás is fobairt nádúrtha an pháiste. Cothaítear timpeallacht Ghaelach thart ar an scoil agus íarrtar ar thuismitheoirí cuidiú le hobair na múinteoirí ina leith seo, agus a gcuid Gaeilge féin a usáid nuair atá siad sa scoil.

Aidhmeanna na Scoile

Is í príomhaidhm na scoile seo ná sár-oideachas a chur ar fáil dár ndaltaí go léir, trí mheán na Gaeilge. Cothaítear timpeallacht Ghaelach thart ar an scoil agus iarrtar ar thuismitheoirí cuidiú le múinteoirí ina leith sin, agus a gcuid Gaeilge féin a úsáid agus iad sa scoil.

Amanna Scoile:

8.50 r.n – 1.30 i.n ( Naíonáin) 8.50 r.n – 2.30 i.n (Ranganna 1-6)

Bealach isteach chuig Gaelscoil Dhún Dealgan

Bord Bainistíochta na scoile:

Is é an tArd Easpaig pátrún na scoile seo. Ainmníonn sé Bord Bainistíochta gach ceithre bhliain.

Cathaoirleach: Peadar de Rúis
Rúnaí: Áine Uí Choinne, Príomhoide
Cisteoir: Sharon Uí Ghnímh
Tuismitheoirí: Emma Mhic Néill , Breandán Ó Dubhthaigh
Oide: Edel Ní Ghealbháin
Ainmní an Phátrúin: An tAthair Derek Ryan CsSR

Rónan Mac ‘a Bháird

Cairde na Gaelscoile Is iad na tuismitheoirí na daoine is túisce agus is tábhachtaí a thugann oideachas dá gcuid páistí, agus tá a gcomh-oibriú agus tacaíocht thar a bheith tábhachtach don scoil.Tá coiste tuismitheoirí láidir againn i nGaelscoil Dhún Dealgan, agus iarrtar ar gach tuismitheoir bheith páirteach ar an gcoiste nó in imeachtaí a eagraíonn an coiste. Bíonn ollchiuinniú tuismitheoirí ann gach bliain agus roghnaítear an coiste ansin.