Imeachtaí Scoile

 

Cruitirí Ghaelscoil Dhún Dealgan

Tá 20 dalta ag foghlaim conas an chláirseach a sheinm.Táimíd an-bhuíoch do ‘Music Generation Louth’ a thugann cúig chláirseach dúinn ar iasacht. Ghnóthaigh an scoil deontas ó Create Louth chun cláirseach a cheannach don scoil, agus bhí Bord Bainistíochta na scoile sásta ceann eile a cheannach. Is í Deirdre Ní Bhuachalla a mhúineann an chláirseach.

Uirlisí eile

Eagraítear ranganna ceoil sa scoil. Tosaíonn na naíonáin le huirlisí rithime. Faigheann gach páiste ó Rang 1 ar aghaidh feadóg stáin. Tá páistí sna ranganna sinsireacha ag foghlaim na fidile chomh maith agus tá 20 ag foghlaim conas an chláirseach a sheinm. Tá an rogha ann fosta piobaí a fhoghlaim. Táimíd an-bhuíoch do ‘Music Generation Louth’ a thugann cúig chláirseach dúinn ar iasacht . Tagann múinteoirí ceoil,Pearse Mac Mahon (feadóg) Barry Kieran (fidil) agus Jo  (Píobaí uilleann) isteach chun na páistí a mhúineadh. 

Ag Eithne Ní Uallacháin, iar-mhúinteoir, a bhí an smaoineamh an ceolfhoireann a bhunú. Tá sí linn nuair a chloisimid ceol binn na bpáistí.

[fancygallery id=”1″ album=”39″]

Cór na Scoile

Canann cór na scoile ag ócáidí speisíalta i rith na bliana cosúil leis an Aifreann Gaeilge ar Lá ‘le Pádraig agus na sacraimintí ar nós an chéad Chomaoineach agus an Comhneartú. I 2006, ba mhór an onóir dúinn a bheith páirteach sna ceolchoirmeacha “Rhythm of Life”, a bhí ar siúl sa D.K.I.T . agus ins an Helix i mBaile Átha Cliath.D’fhoghlaim muid ceithre amhrán nua go speisíalta don ócáid agus bhí an stiúrthóir cáiliúil Gearóid Grant iontach sásta leis an gcór ar an oíche. Ba dheas a bheith páirteach i gcór de 450, agus rinneamar go leor cáirde ag na cleachtaithe.

1 2007 agus i 2009 bhaineamar sult as an ‘Hallelujah Concert’ san R.D.S agus chanamar sa Waterfront i mBéal Feiriste leis an C.B.O.I sa bhliain 2011, 2013 agus san R.D.S mí Feabhra 2015 agus 2017. Bhaineamar an-sult as ‘Peace Proms 2019’ fosta! Glacann muid páirt sa seirbhís “Seinn” fosta, a bhíonn ar siúl le linn seachtain na Scoileanna Caitliceacha achan bhliain.

Ceolchoirm do Sheachtain na Gaeilge 2021

 

An Fhilíocht

Déantar freastal díograiseach leanúnach ar an bhfilíocht sa Ghaelscoil. Tá dúil mhór ag na páistí san fhilíocht agus cuireann muid samplaí dár gcuid oibre ar aghaidh chuig comórtaistí go minic. Cumann ranganna dantaí ranga in amannaí agus cuirtear i láthair iad le geaitsí agus ról imirt ag na dtionól fósta. Bronntar Corn Uí Chíaráin ar an bhfile is fearr sa scoil achan bhliain.

Peil Ghaelach

Foireann na mBuachaillí a ghlac páirt sa chomórtas 'Mini Sevens'

Foireann na mBuachaillí a ghlac páirt sa chomórtas ‘Mini Sevens’

 

Bliots sa Marist: shroich an fhoireann an cluiche leath-cheannais!

Bliots sa Marist: shroich an fhoireann an cluiche leath-cheannais!

Glacann Máistir Fiachra daltaí ó ranganna 4,5 & 6 chun iad a thraenáil sa pheil Ghaelach.

Bíonn foireann peile na Gaelscoile páirteach sna sraitheanna seachtar de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael, ag imirt ar son Chorn Uí Lorcáin. Glacann siad páirt freisin sa chomórtas do Chorn an Athar Phádraig Mhic Dhónaill.

Imríonn siad faoi aois 11, agus faoi aois 13, agus roghnaítear na himreoirí ó ranganna a 5 agus a 6. Bíonn an- chraic ag na leaids ag ullmhú do na cluichí, agus cé gur maith an rud é bheith páirteach, is fearr i bhfad nuair a thagann siad abhaile ina mbuaitheoirí! Tá spéis ollmhór againn anseo sa pheil Ghaelach idir bhuachaillí agus chailíní. Glacann an scoil páirt i gcomórtaisí éagsúla i gContae Lú achan bliain.

Tá dhá chulaith againn, ceann do chluichí i bpáirceanna éagsúla; geansaípeileadóra atá gorm le stríoca buí ann agus bríste gairid atá gorm le stríoca buí. Agus caithimid an ceann eile sa bhaile, is tá a mhalairt de dhathanna i gceist.Táimid inár mball den Chumann na mBunscol i gContae Lú agus glacaimid páirt insna comórtaisí seo a leanas;Corn Uí Néill,Corn Choláiste Bhríde do chailíní,Corn Sciath Mhic Raoise; comórtas seachtar-peil na mbuachaillí.

Chomh maith le sin glacann Gaelscoil Dhún Dealgan páirt i gCorn Uí Lorcáin( INTO/GAA Mini Sevens, peil na mbuachaillí) agus Corn Lakelands (INTO/GAA Mini Sevens peil na gcailíní).

Bíonn cead ag gach duine ó rang a 5 agus rang a 6 idir bhuachaillí agus chailíní páirt a ghlacadh ann.Tá spéis ollmhór againn anseo sa pheil Ghaelach idirbhuachaillí agus chailíní. Glacann an scoil páirt i gcomórtaisí éagsúla i gContae Lú achan bhliain

Thar na blianta, bhuamar Sciath Mhic Raoise agus Corn Pheadair Uí Chearnaigh. Bí ag faire amach le haghaidh tuilleadh nuachta ón bhfoireann peile!!

Imeachtai-Scoile3

Ranganna Damhsa

Baineann daltaí Rang 1 agus Rang 2 an-sult as na ranganna damhsa le múinteoirí ó Scoil Rince Móna Ní Rodaigh.

.

An Iomáint i nGaelscoil Dhún Dealgan

Glacann daltaí na scoile páirt i gcomortaisí éagsúla san iomáint i rith na bliana. Le cúpla bliain anuas, bhí an rath ar fhoireann na scoile sna príomh –chomórtaisí contae:

  • 2011:Buaiteoiri sa chorn Iomána
  • 2012:Iomaitheoirí sa chorn Iomána
  • 2013:Iomaitheoirí sa chomórtas ‘Corn Mhic Dónaill’ (Roinn 1)
  • D’éirigh go maith le daltai aonaracha ón scoil freisin
  • 2012:Buaiteoirí sa Chomórtas Poc Fada na scoileanna le foireann
  • beirte, Padraig Ó Fallúin agus Ciaran Mag Fhloinn
  • 2013:Dalta ó Rang 6, Ciarán Mag Fhloinn, roghnaithe mar imreoir sna
  • mionchluichi ag leath-ama i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche
  • leath – cheannais na hÉireann