Lá na Sean-Tuistí

February 11, 2020 | Nuacht

Cheiliúraigh muid lá na sean-tuistí le déanaí nuair a tháinig sean-tuistí (agus sin-sean tuiste amháin!) pháistí Rang 3 isteach sa scoil. Bhí agallamh ag na páistí le cur orthu,dán le rá, ealaín déanta agus bronntanas ag na sean-tuistí dá ngar-pháistí. Chuir aintín le Holly borróga ar fáil agus bhí cáca ann do na daoine fásta. Ba dheas am a chaitheamh lenár sean -tuistí!