Lá ‘le Bríde

February 8, 2024 | Nuacht

Bhain muid sult as ceiliúradh Lá ‘le Bríde sa halla. Chuala muid amhrán ó Rang 2 agus dán ó Rang 4. Léirigh Rang 3 scéal Naomh Bríd dúinn le mím agus thaispeáin agus mhínigh Rang 5 na crósóga Bríde a rinne siad dúinn. Léigh Rang 6 na paidreacha dúinn agus chan muid uilig ‘Gabhaim Mólta Bhríde’. Tá roinnt samplaí d’ealaín na bpáistí le feiceáil san fhís agus nach deas an clócha a rinne achan duine sa scoil le chéile! Rinne Rang 5 agus Rang 6 bláthanna san iarsmalann, agus tá toradh a gcuid oibre le feiceáil san fhís chomh maith!