Lá Gníomhaíochta don Taisteal 17/5/23

May 24, 2023 | Nuacht

Le linn Seachtain na Rothar, bhí lá gníomhaíochta againn bunaithe ar an téama ‘Taisteal’, agus rinne muid an-iarracht taisteal ar scoil ar bhealaí nár úsáid breosla, bealaí ‘glasa’ . Shiúil, rothaigh, pháirceáil- agus-siúl agus scútáil daoine ar scoil, agus bhain an scoil go léir sult as imeachtaí ar nós toraíochtaí taisce, puzail agus dathú bunaithe ar an téama!