Corn na Cruinne ag Jamie!

October 24, 2022 | Nuacht

Comhghairdeas le Jamie, Rang 5, a bhain corn na cruinne amach mar bhall den fhoireann faoi 11 ag comórtas damhsa na cruinne mí Aibreáin. Tá an corn ag Jamie ar feadh tamaill agus bhíomar an-sásta gur ghlac sé isteach ar scoil é an tseachtain seo caite. Comhghairdeas leat, a Jamie, táimid an-bhródúil asat!