Ceolchoirm do Sheachtain na Gaeilge 2021

March 17, 2021 | Nuacht

D’iarr muid ar ár múinteoirí seachtracha físeanna a thaifeadadh dúinn chun go mbeadh muid in ann iad a chur le chéile mar cheolchoirm fhiorúil.

Mar sin, seo chugaibh:

  1. Pearse Mc Mahon – múinteoir rithime faoi láthair , ach múinteoir feadóige de ghnáth! Is amhránaí mór le rá é, a chanann i mBéarla agus i nGaeilge. Tá dlúthdhiosca eisithe ag Pearse agus tá sé ina bhall den ghrúpa ‘Kern’
  2. Barry Kieran – múinteoir fidile agus ball den ghrúpa ‘Kern’ fosta
  3. Deirdre Ní Bhuachalla -cláirseoir iomráiteach, teagascóir le Music Generation Louth agus múinteoir cláirsí anseo i nGaelscoil Dhún Dealgan.
  4. Dearbhla Ní Lionnáin -múinteoir damhsa le Scoil Rince Móna Ní Rodaigh agus iar-phríomhdhamhsóir le ‘Riverdance’ agus ‘Lord of the Dance’.
  5. Agus ansin, turas timpeall ar halla na scoile, ag taispeáint píosaí ealaíne ón taobh sóisir den scoil.

Bainigí sult as!