Na Trí Mhianta

Na Trí Mhianta

Comhghairdeas le Rang 3 a ghlac páirt i gcraobh Laighean den Fhéile Scoildramaíochta sa Mhuileann gCearr. Buíochas leis na múinteoirí (M.Diarmuid, M.Caoimhe agus M.Joan) agus leis na tuismitheoirí agus cairde a thaisteal chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Na Trí Mhianta   Níos mó >>

Seachtain na Gaeilge 2023

Blaisín den Cheolchoirm a bhí againn ar an 13/3/23: An Grúpa ‘Duvet’ le Caoilte (méarchlár), Conall (giotár) Iollann (giotár) Feilimí (dord) agus Cillian (drumaí) Duvet! Cláirseoirí Rang 6 Cláirseoirí R4 agus píobairí Rang 5 Joe Byrne (piobaí uilleann) agus Deirdre Ní Bhuachalla (Cláirseach) – Carolan’s Concerto The Lark in the Morning Jamie, Saidhbh agus Miah, Lá ‘le Pádraig Kasi, Jamie, Saidhbh – ‘An...   Níos mó >>

Peace Proms 2023

Bhain páistí as Rang 5 & Rang 6 an -sult as Peace Proms san SSE Arena i mBéal Feirste ar an Domhnach, an 26/2/2023. Bhí lá iontach acu ó thuas go deireadh, ag canadh, ag damhsa agus ag éisteacht le scoth an cheoil ó cheolfhoireann Peace Proms, ón amhránaí Lauren Murphy, ó Chonall Ó Dubhthaigh ar na píobaí, iar-scoláire Ghaelscoil Dhún Dealgan. Bhí damhsóirí iontacha ann fosta -damhsóirí Gaelacha agus Albanacha, chomh maith le drumadóirí agus píobairí. Thaisteal baill chlainne ó Dhún Dealgan chun tacú leo, agus bhí scoileanna ó chúige Uladh agus ó Chontae Lú ann chomh maith, 4000 páiste ar fad! Bhí lá ar dóigh ag M.Áine, M.Éadaoin agus M.Caoimhe chomh maith, agus ár mbuíochas le M.Edel a rinne a lán oibre leis na páistí, ag ullmhú don...   Níos mó >>

Seachtain Folláine

Bhain na páistí, an fhoireann agus comhphobal na scoile an-sult as an tSeachtain Folláine. Bhí maidin chaifé ann Dé Luain, eagraithe ag M.Cristíona, le cainteanna ó Sharon Fennelly agus Alison Caldwell. Cúrsaí aireachais (mindfulness)a bhí á phlé acu agus cuideoidh na naisc thíos go mór. Phrases to help calm a worried child Calm agus Insight Timer Bain triail as Grounding in Breathing agus Body Scan Ghlac na paistí páirt in imeachtaí follane sa rang freisin, ar nós físeanna treoraithe, agus ealaín bunaithe ar an bhfolláine chomh maith. Bhí bricfeasta speisialta ag an bhfoireann Dé Máirt, a chur dea-ghiúmair ar achan duine. Lá ‘le Vailitín a bhí ann agus scaip Rang 3 croíthe ar achan duine sa scoil le teachtaireachtaí deasa orthu. Bhí frásaí folláine in airde ag Rang 6, don scoil uilig. Ar an gCéadaoin, bhain na páistí sult as an scannán ‘Inside Out’. Bhí píotsa ag na páistí móra agus rudaí deasa eile ag na daoine beaga. Ár mbuíochas le hachan duine a chuidigh leis na himeachtaí...   Níos mó >>

Ceardlann Ealaíne le Creative Spark agus Rang 4

Ceardlann Ealaíne le Creative Spark agus Rang 4

Bhí cuairt ag Rang 4 ón ealaíontóir Susan Farrelly le déanaí. Le cuidiú ó Susan, dhearaigh siad ceithre phíosa ealaíne, bunaithe ar scéal Naomh Bríd, ceann do gach ceann de na ceithre séasúir. Beidh na piosaí ealaíne mar chuid de chlóca mór a bheidh ar taispeáint i Creative Spark do Lá ‘le Bríde. Tuilleadh le feiceáil anseo Tuilleadh le feiceáil...   Níos mó >>

Lá na Seantuistí 2023

Bhí ócáid speisialta againn fá choinne ‘Lá na Seantuistí’ a tharla ar an 25/1/23, le linn Seachtain na Scoileanna Caitliceacha. D’fhreastal na seantuistí (agus cúpla tuiste fosta) agus na páistí as Rang 3 ar Aifreann agus ansin, tháinig siad ar ais go halla na scoile do chupán tae agus craic! Bhain achan duine an-sult as an mhaidin, agus ár mbuíochas le M.Cristíona a d’eagraigh an...   Níos mó >>