Stair na Scoile
Stair na Scoile
D’fhás an scoil seo as grúpa de sheisear páiste a tugadh le chéile in áras Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1979 agus níorbh fhada go raibh sí ina sraith Ghaeilge i mBunscoil Naomh Seosamh, buíochas do Ghearóid Ó Murchú, Príomhoide na scoile sin. Sa bhliain 1986 tugadh stádas mar scoil neamhspleách don tsraith, agus lonnaíodh í i seomraí réamhdhéanta ar láthair Scoil Sheosaimh.
Scoil Chríost Rí a tugadh ar an scoil ag an am, le Rónán Mac a Bhaird mar phríomhoide, ach le borradh uimhreacha, bhí sé soiléir nach mbeadh na seomraí réamhdhéanta ar láthair Scoil Sheosamh oiriúnach go fad-téarmach. Sa bhliain 1989, ghlac an tAire Oideachais, Máire Uí Ruairc leis gur chóir go mbeadh suíomh agus foirgneamh neamhspleách ag an scoil agus sa bhliain 1996, le Annette Mhic Ardaíl mar phríomhoide, bhog an scoil go láthair nua in aice leis an tséipéil i Muirtheimhne Mór. Le foirgneamh nua, tháinig ainm nua – Gaelscoil Dhún Dealgan. Tá anois tuairim is 200 páiste ag freastal ar an scoil agus táimíd 14 mhúinteoir inti, triúr mhúinteoir achmhainne san áireamh. Tá an t-ádh orainn go bhfuil oide caidreamh-baile againn trí lá sa tseachtain chomh maith.Tá áiseanna den scoth againn san bhfoirgneamh nua-aimseartha, ar nós leabharlann, halla agus cúirteanna cispheile.
Sa bhliain 2025, cuireadh foirgneamh eile leis an scoil, ina bhfuil seomraí ranga ar bharr, agus seomraí do ranganna luath- idirghabhála a ghlacann le páistí ó aois a trí go dtí a 5 le huathachas. Le seo, tá clós nua agus seomra lárnach, agus gach áis a bheadh de dhíth ó na páistí!